Franklin D. Roosevelt

B'é Franklin Delano Roosevelt (30 Eanáir, 188212 Aibreán, 1945) an 32ú hUachtarán ar na Stáit Aontaithe ó 1933 go dtí a bhás i 1945. Bhí sé ina bhall den pháirtí Daonlathach. Bhí ceithre théarma Uachtaránachta ag Roosevelt i ndiaidh a chéile, níos mó ná ag aon uachtarán eile.

Dúirt Roosevelt - agus é ag seasamh don Uachtaránacht sa bhliain 1932 - go dtairgfeadh sé 'New Dea!' do mhuintir Mheiriceá. Dá dtoghfaí é, chuirfeadh an Rialtas scéimeanna ar bun (tógáil bóithre agus dambaí, mar shampla) chun obair a chur ar fáil, a gheall sé ag an am. Thug móramh na Meiriceánach a vóta dó i ngeall ar a pholasaithei Samhain 1932. Cheap a lán de lucht an rachmais i Meiriceá gur bheag ná gur Chumannachas a bhí i gceist agus chuir siad ina choinne

Sa bhliain 1933, ní go furasta a d'áitigh Roosevelt ar an gComhdháil tacaíocht a thabhairt dó, ach mheall a chéad óráid ina láthair a lán díobh ar a thaobh ar an 4 Márta 1933. Is éard a dúirt sé leo, go bunúsach, ná go n-éireodh go breá le Meiriceá arís dá mbeadh daoine ciallmhar agus glacadh leis an saol mar a bhí i ndáiríre. Dúirt Roosevelt
“Is é an t-aon rud ar chóir dúinn eagla a bheith orainn roimhe ná an eagla féin ... Tá na mílte dár saoránaigh dífhostaithe agus fadhb mhór rompu amach .. , gan aon toradh ar a gcuid iarrachtaí ... Ach ní easpa acmhainní is cúis lenár n-ainnise. Tá flúirse i mbéal an dorais againn ach tá ag teip orainn leas a bhaint aisti ...”.


Ceann de scéimeanna Roosevelt ná damba millteanach mór a thógáil ar abhainn na Tennessee chun leictreachas a sholáthar. Tugadh an Tennessee Valley Authority (T.V.A.) ar an dream ar cuireadh cúram a thógála agus a reáchtála orthu. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1
Leabhar
2
Leabhar
3
4